Emma Ní Chearúil (sí/í)

Is láithreoir, léiritheoir agus cruthaitheoir í Emma Ní Chearúil.

Tá sí paiseanta faoi chúrsaí ceoil, agus bíonn sí le cloisteáil i mbun cainte ar an ábhar céanna ar chláracha Bladhaire ar Raidió na Gaeltachta, RTÉ 2fm, ar a clár ceoil féin ar Raidió na Life, agus sa tsraith teilifíse My Tribe le Mind The Gap Films ar RTÉ 1. Is breá léi féilte ceoil agus tá taithí léiriúchán stáitse aici leis An Chollchoill (Hazelwood Afterdark) agus Puball Gaeilge ag Electric Picnic, agus ag féilte Kaleidoscope agus Body & Soul. Tá sí mar bhall reatha de choiste Fhéile na Gealaí.

Tá roinnt oibre déanta ag Emma taobh thiar den cheamara, idir léiriúchán agus ghrianghrafadóireacht, agus bíonn sí i mbun oibre ar na meáin shóisialta le feachtais agus eagraíochtaí éagsúla - Humans of an Fáinne, TG Lurgan, agus Oireachtas na Gaeilge san áireamh.

Cuireann sí peann le pár ó am go ham agus tá a cuid scríbhneoireachta foilsithe agus léirithe ag ócáidí agus in irisí - The Stinging Fly, Comhar, RTÉ.ie agus Féile Liú Lúnasa ina measc.

Tá Emma ina ball de Choiste Chlub Chonradh na Gaeilge, agus de CRAOL (gréasán náisiúnta don raidió pobail).