Gráinne.jpg

Gráinne E. Ní Mhuilneoir (sí/í)

Is díoltóir leabhar, profléitheoir agus cóipeagarthóir í Gráinne.

Chaith Gráinne seal ag obair leis an dteach foilsitheoireachta Cois Life, agus tamaillín le Dubray Books, sular ghlac chuici ról an Bhainisteora in An Siopa Leabhar, mar a bhfuil sí anois.

Is ball í de choiste deonach eagraithe Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath (2017–anois) agus tá sí ina moltóir le speisialtacht sa Ghaeilge do Ghradaim KPMG Leabhar na Bliana, Leabhair Pháistí Éireann (2019–2022).

Céimí de chuid UCD is ea Gráinne le Gaeilge agus Fraincis.