Lisa Nic an Bhreithimh.jpg

Lisa Nic an Bhreithimh (sí/í)

Is bean chis-inscneach, dhéghnéasach í Lisa a bhíonn ag scríobh agus a oibríonn i gcúrsaí cumarsáide agus gníomhaíochta. Scríobhann sí splancfhicsean den chuid is mó, dírithe ar théamaí a bhaineann le saolta ban agus saolta an phobail LADTA+.

Bronnadh Duais Uí Mháine, an Chéad Duais i gComórtas Imbolc 2018 agus an 3ú duais i gComórtas Cumadóireachta AerachAiteachGaelach uirthi.

Tá sí ar Choiste Stiúrtha ShoutOut, carthanacht a chuireann oideachas ar dhaoine faoi chúrsaí LADTA+. Déanann sí ceardlanna trí Ghaeilge agus Béarla le ShoutOut timpeall na tíre agus oibríonn sí ar chúrsaí cumarsáide freisin, ag scaipeadh eolais ar na meáin shóisialta trí Ghaeilge agus ag scríobh blaganna Gaeilge. D'oibrigh sí ar fheachtas Tá Comhionannas, an feachtas Gaeilge den Reifreann ar an gComhionannas Pósta i 2015 agus oibríonn sí le Equality for Children, feachtas ar lorg ceart do chlanna LADTA+ in Éirinn. Is craoltóir raidió í Lisa freisin le Raidió na Life.