Marcas Mac an Tuairneir (sé/é)

Oibríonn Marcas Mac an Tuairneir trí mheán Ghaeilge na hAlban, an Bhéarla agus na Poláirise. Tá trí chnuasach filíochta foilsithe aige, mar atá Deò (Gracenote, 2013), Lus na Tùise (Bradan Press, 2016) agus Dùileach (Evertype, 2021) agus an paimfléad comhscríofa beul-fo-bhonn / heelster-gowdie (Tapsalteerie, 2017). Tá súil le foilsiú a bhailiúcháin nua, Polaris, faoi dheireadh 2021 agus tá cnuasach eile dar teideal Lapis Lazuli idir lámha aige faoi láthair.

Bhuaigh sé Duais Filíochta na Gàidhlig ag Féile Leabhar Baile na h-Ùige in 2017, tar éis dó a bheith ar an ngearrliosta ceithre huaire i sé bliana. Tháinig ‘#AgusMise’ sa dara háit in 2019 agus tá sé le léamh i Dùileach. In 2020, bhuaigh sé an duais filíochta ag an Mhòd Fhíorúil, in éineacht le dámhachtainí a bhuaigh sé ag Cumann Scríbhneoirí na hAlban, Seomra Léitheoireachta an Oileáin Sgitheanaich agus an Salon Liteartha Ghaeltacht na hAlban.

Is é Marcas eagarthóir an bhlag ealaíne STAING agus eagarthóir Gaelach na n-irisí liteartha Poblachd nam Bàrd agus Northwords Now. In 2016, bhuaigh sé Gradam Drámadóirí Ghaeilge na hAlban ag Stiúideo Drámadóirí na hAlban agus ag Comhairle Leabhair Ghaeilge na hAlban. Tá dhá dhráma scríofa aige, Tilleadh agus Tioradh, a bhuaigh Corn Gaiseit Steòrnabhaigh ag an Mhòd Náisiúnta Ríoga in 2016 agus 2017. Cuireadh a dhráma Diuchdadh ar stáitse ag Cúirt Eden Inbhir Nis in 2016.

Tá Marcas ar cheann de na hamhránaithe Gaelacha is nuálaí i nGaeltacht na hAlban. Bhuaigh sé duais an amhráin nua ag an Mhòd Náisúnta Ríoga in 2018 agus ag an Mhòd Fhíorúil i 2020. Tá amhráin scríofa aige leis na ceoltóirí is fearr sa domhan Gaelach, Rachel Walker, Mary Ann Kennedy, Ainsley Hamill agus Pàdruig Moireasdan san áireamh. Mar amhránaí, bhí sé sa chluiche ceannais do Bhonn Óir An Chomainn Ghaelaich in 2016 agus sa Bhonn Óir Traidisiúnta in 2019.

Tugtar Rí an Phop Ghaelaigh ar Mharcas in Albain agus tá trí shingil eisithe aige, mar atá ‘Fichead ’s a h-Ochd’, ‘Bruidhinn’ agus ‘Nochd’. Tá a albam nua le heisiúint go luath. 

Cruthaíonn sé ealaín agus scannáin lena chéile Joshua Wilson leis an tionscadal LUPUS&LEO.