AAG ag Eisteddfod na Breataine Bige

Thug Eoin Mc Evoy, duine de chomhstiúrthóirí AerachAiteachGaelach, agus Joe Simpson, ball den chomharghrúpa agus intéirneach leis an Endangered Languages Project, cuairt ar an mBreatain Bheag 8-13 Lúnasa le ceangail a chothú idir AerachAiteachGaelach agus pobal LADTA+ ealaíne na Breatnaise ag an Eisteddfod.

D’fhreastail siad ar sheoladh an chnuasaigh Curiadau, leabhar nua a chuireann dánta, scéalta, aistí agus sleachta as drámaí le scríbhneoirí aiteacha Breatnaise ar fáil don léitheoir; ar sheónna draig; ar thaispeántas damhsa leis an ngrúpa aiteach Qwerin agus ar chainteanna agus ceolchoirmeacha eile.

Bhuail siad leis na scríbhneoirí Gareth Evans-Jones, Dylan Huw agus Elgan Rhys, leis an gceoltóir Bethany Celyn agus leis an mbanríon draig Bopa Rhys. Phléigh siad smaointe maidir leis an gcomhoibriú idir pobal na Gaeilge agus pobal na Breatnaise amach anseo agus tá cúpla tionscadal beartaithe acu le tús a chur leis an obair sin.

Is féile ollmhór í an Eisteddfod a bhfreastalaíonn breis agus 150,000 duine uirthi gach samhradh.

Bhí formhór na n-imeachtaí aiteacha lonnaithe i bpuball Paned o Gê, áit a raibh leabhair agus earraí Breatnaise LADTA+ le ceannach agus áit chruinnithe don phobal LADTA+ ag an bhféile.

Previous
Previous

Bród Chléire

Next
Next

Léirmheas ar *Grindr, Saghdar agus Cher* sa Galway City Tribune