AAG ar ghearrliosta ghradaim na GALAS

Tá AerachAiteachGaelach ar cheann de na ceithre eagraíocht a roghnaíodh do ghearrliosta na GALAS i gcatagóir na nEalaíon agus na Siamsaíochta.

Déanann na GALAS ceiliúradh ar eagraíochtaí agus daoine a shaothraíonn ar son an phobail aitigh chun an saol a fheabhsú dóibh agus tugann siad aitheantas don obair sin.

Tá muid an-bhuíoch as gach duine sa bpobal a d’ainmnigh AerachAiteachGaelach don fhadliosta agus is mór an onóir dúinn bheith ar an ngearrliosta anois.

Roghnófar an buaiteoir an 7 Deireadh Fómhair 2023.

Previous
Previous

Bua ag AAG sna GALAS

Next
Next

Bród Chléire