*Grindr, Saghdar agus Cher* ag Outburst, Béal Feirste

  • 13-14 Samhain

  • Doirse: 19:00. Seó: 19:30.

  • Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Bóthar na bhFál, Béal Feirste.

Tá muid ag teacht go Béal Feirste!

Tarraingíonn fear tuaithe anáil dhomhain agus tógann sé a chéad chéim riamh thar an tairseach isteach i mbeár aerach. Fulaingíonn leispiach imeacht ‘Build-a-Willy’ ag cóisir cearc le scata ban díreach. Tugann fear aiteach atá sa tóir ar an gcraiceann bearradh gruaige dó féin nach bhfeicfidh ach fear amháin eile…  

Léireofar an dráma corraitheach, greannmhar, gnéasach, dainséarach, Grindr, Saghdar agus Cher, sa gCultúrlann i mBéal Feirste mar chuid d’fhéile ealaíon Outburst.

Dráma i nGaeilge. Fortheidil i mBéarla. Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy agus Sam Ó Fearraigh a scríobh.

Plé painéil tar éis an léirithe ar an Máirt: QUEER ARTS AS GAEILGE

Beidh comhrá ag grúpa cruthaitheoirí tar éis an léirithe Dé Máirt ina bpléifidh siad an borradh atá tagtha faoin bpobal ealaíontóirí aiteacha atá ag saothrú i nGaeilge. Daoine iad seo atá tagtha le chéile chun saothair nua chorraitheacha a chruthú i nGaeilge chun ár bpobal dátheangach a neartú agus chun cur i gcoinne aon réamhchlaontaí atá foghlamtha ag daoine faoi céard is cainteoir Gaeilge ann sna 2020idí.

Previous
Previous

*An Chos Eile* san axis, Baile Munna

Next
Next

Coiste nua AAG ceaptha ag Oireachtas na Samhna