Comhghairdeas ó chroí lenár scríbhneoir próis Anne Marie Nugent as an dámhachtain lúfaireachta a bhronn an Chomhairle Ealaíon uirthi le deireanas.
Cuirfidh an dámhachtain seo ar a cumas tréimhse a chaitheamh in Eanach Mhic Dheirg le forbairt a dhéanamh ar a leabhar An Seol atá Fút, a bhfuil scéal grá aiteach ina chroílár. Bhronn Oireachtas na Gaeilge gradam ar Anne Marie don leabhar céanna. Tá súil ag Anne Marie an scéal a fhoilsiú go luath.