Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy i measc na bhfilí ag REIC / IMRAM

Tionólfar REIC mar chuid den fhéile liteartha IMRAM i mbliana agus beidh Ciara Ní É (bunaitheoir REIC) agus Eoin Mc Evoy, beirt ó AerachAiteachGaelach, i measc na bhfilí ar an ardán.

Tá an-áthas ar IMRAM ardán a thabhairt anocht do REIC. Cloisfear Dairena Ní Chinnéide a raibh a leabhar Tairseach ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2021. I measc na ngradam atá buaite aici tá an Patrick & Katherine Fellowship in 2016. Is scríbhneoir, aisteoir agus file í Eva O’Connor. Bhuaigh dráma léi Mustard an Scotsman Fringe First Award in 2019. Is file, aistritheoir liteartha agus ealaíontóir focal é Eoin McEvoy ar foilsíodh saothar leis ar Comhar, Feasta agus The Stinging Fly. Tá spraoi liriceach ag baint lena chuid filíochta. Tionscadal nua hip-hop é Súil Amháin a chruthaigh an file Séamas Barra Ó Súilleabháin i gcomhar leis an DJ agus ceoltóir Rob Mulhern as Tuath, banna rac turgnamhach as Dún na nGall a mbaineann gnéithe sicideileacha leis.

- IMRAM

Previous
Previous

Sam Ó Fearraigh i measc na n-ealaíontóirí ar ‘Blas na gConallach’ / IMRAM

Next
Next

Áit gnóthaithe ag Sam Ó Fearraigh ar Abbey Begins 2021