Is aisteoir é Seán agus neart taithí aige bheith ag aisteoireacht ar an stáitse agus ar an scáileán. Bíonn sé le feiceáil go rialta ar an sobaldráma Gaeilge Ros na Rún, agus páirt Adam Mac Donncha aige. Bhí Seán le feiceáil sa scannán Murdair Mhám Trasna ar TG4 fosta.
Nuair nach mbíonn sé os comhair an cheamara bíonn sé ag obair taobh thiar de. Bíonn sé ag obair mar stiúrthóir agus i mbun ceamaradóireachta ar chláracha do BBC NI agus RTÉ. Tá An Teach Seo Againne, an tsraith is déanaí stiúrtha aige do Below the Radar TV, le feiceáil ar Sheinnteoir RTÉ faoi láthair.
Bíonn Seán go fóill ag obair mar fhísiriseoir leis an suíomh nuachta Gaeilge meoneile.ie ó am go ham fosta.