Seán Ó Dubhchon.jpg

Seán Ó Dubhchon (sé/é)

Is craoltóir, scríbhneoir agus múinteoir bunscoile é Seán Ó Dubhchon. Is é Seán láithreoir agus léiritheoir Seal le Seán, clár cainte ar Raidió Rí-Rá, atá ar fáil mar phodchraoladh ar Spotify, Apple agus ardáin eile. Fuair Seal le Seán ainmniúchán do Shraith Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge 2020. Bíonn Seán le cloisteáil chomh maith ar na cláracha Bothán na bhFear (Raidió na Life) agus Ceapaire Ceoil (Raidió Rí-Rá).

Ainmníodh a dhráma raidió Nuair A Scoilt An Scáthán do Ghradam Joe Steve 2021 agus craoladh é ar RTÉ Raidió na Gaeltachta (Aibreán 2021). Craoladh a aiste Cuimhní Croíúla, Cuimhní Ceoil ar an tsraith Aistí Ón Aer ar RTÉ Raidió na Gaeltachta (Iúil 2021). Is file é Seán le saothar foilsithe in Comhar, An tUltach agus irisí eile, agus duaiseanna Oireachtais bainte aige. Tá ailt acadúla foilsithe ag Seán mar bhall de Chumann Litearthachta na hÉireann, ar chur chun cinn na Gaeilge sa bhunscoil agus ar Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha.