Darragh Ó Caoimh (sé/é)

Scoláire is craoltóir is ea Darragh Ó Caoimh. As Ceann Toirc, Co. Chorcaí ó dhúchas dó. Bhain sé céim amach sa Dlí agus sa Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, sa bhliain 2022 agus chuaigh chun cónaithe i Montana Mheiriceá ar feadh bliana ina dhiaidh sin mar ar theagasc sé Gaeilge ar dhámhachtain Fulbright.

D’fhill sé ar Inis Éilge anuraidh chun tabhairt faoi chéim mháistreachta sa Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ag gabháil de mhiontráchtas ar an scríobhaí Domhnall Mac Cáib, as Dúiche Ealla, a cheantar dúchais féin, atá Darragh faoi láthair.

Tá dánta dá chuid i gcló in Comhar, Aneas agus Breac - iris na mac léinn in UCC a raibh Darragh ar lucht a bunaithe. Tá dánta leis léite aige ar Raidió na Gaeltachta is BBC Radio Ulster, ag Bród Chléire 2023,  ag an bhféile litríochta Cúirt in 2021 agus ag an bhféile Aon Scéal i mBaile an Sceilg in 2023.

Bhí sé ina chomhláithreoir ar Junior Eurovision ar TG4 in 2021 agus 2022 agus is minic é le feiscint ar an stáisiún céanna agus scéal na haimsire aige á chur i láthair. 

Is breá lena chroí a bheith ag teagasc agus bhí sé ag múineadh ar an gcampa samhraidh do dhaoine fásta LADT+ ar Chléire sa bhliain 2024, comhfhiontar idir AAG agus Meitheal Chléire.

Tá Darragh mórálach as a dhúchas Muimhneach is a oidhreacht Ghaelach agus cuirfidh leis an dá charn sin más féidir leis in aon chor é.