Eoin Mc Evoy (sé/é)
Is é Eoin Stiúrthóir AerachAiteachGaelach.
Is file, drámadóir, aistritheoir agus gníomhaí pobail é Eoin Mc Evoy.
Ba é Eoin a d’aistrigh an t-úrscéal grafach Heartstopper 1 go Gaeilge, aistriúchán a choimisiúnaigh Futa Fata agus a cuireadh ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe 2024. Foilseofar a aistriúchán ar Heartstopper 2 faoi dheireadh 2025.
Bhí sé ina chomhscríbhneoir, comhléiritheoir agus aisteoir sa dráma Grindr, Saghdar agus Cher (2022-2024) in éineacht le Ciara Ní É agus Sam Ó Fearraigh agus bhí sé ina chomhscríbhneoir agus comhléiritheoir ar an dráma Idir Mise agus Craiceann do Chluaise (2021) in éineacht le Ciara Ní É.
Tá saothair dá chuid le léamh in Comhar, The Stinging Fly, Trumpet, Cyphers, Howl, Aneas, Feasta agus sa leabhar Green Carnations agus craoladh saothair leis ar Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus BBC Gaeilge. Roghnaíodh Eoin do scéim Poetry Ireland Introductions 2021. Bhí sé i measc na mbuaiteoirí i gcomórtas REIC 2020 agus ba é a bhain an chéad duais i gcomórtas filíochta Fhoras na Gaeilge 2020 agus i gcomórtas filíochta Chraobh Aimhirghin 2014, ceann de chomórtais liteartha an Oireachtais.
Oibríonn Eoin i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD, mar a mbíonn sé ag múineadh ar chúrsaí san aistriúchán agus sa scríbhneoireacht chruthaitheach, agus ag plé leis an teicneolaíocht oideachais.
Ba é Eoin a chuir an chéad chraobh Ghearmánach de Chonradh na Gaeilge ar bun i mBeirlín (2011) agus tá sé ina chomhóstach ar an ngrúpa sóisialta LADTA+ an Queercal Comhrá le Brian Mac Muiris ón mbliain 2019 i leith.
Labhraíonn Eoin an Béarla, an Ghaeilge, an Fhraincis agus an Ghearmáinis agus tá cumas éigin aige sa Bhreatnais, san Iodáilis agus sa Tuircis.
-
2024-06 | Heartstopper (Leabhar 1) [aistriúchán ar an úrscéal grafach].
2023-12 | ‘A Ghaela na n-ae istigh’ [dán] in Irisleabhar Mhá Nuad.
2023-11 | ‘Ceapadh Tuile’ [dán] in Aneas (Uimhir 4).
2023-10 | ‘Bearnú’ [dán] in Howl.
2023-07 | ‘Thoughts on Translation’ [aiste] in Trumpet (Eagrán 12).
2023-06 | ‘Dán do Jack’ [dán i rannaíocht mhór] agus ‘Oidhreacht an Choirce’ in Comhar (Imleabhar 83, Uimhir 6).
2023-04 | ‘Fir Eile’ [aistriúchán ar ‘Other Men’ le William Keohane] in Cyphers (Eagrán 95).
2022-03 | ‘Dalta an Draoi’ [aistriúchán ar ‘Der Zauberlehrling’ le Johann Wolfgang von Goethe] in JoLT (Imleabhar 10, Uimhir 1].
2021-11 | ‘lochán carraige’ [dán] in The Stinging Fly (Imleabhar 45, Uimhir 2).
2021-11 | Trí dhán in This Is What You Mean To Me le hÉigse Éireann | Poetry Ireland.
2021-09 | ‘Dubhfhiach’ [dán] in Feasta (Imleabhar 74, Uimhir 9).
2021-01 | ‘Dobharchú’ [dán] in Comhar (Imleabhar 81, Uimhir 1).
2020-12 | Trí dhán in Green Carnations / Glas na Gile.
2015-06 | ‘Leoró’ in Nua-Aois 2014-15.
-
2025-03 | Ceardlann ar Heartstopper le Club Leabhar Chuallacht Ollscoil Mhá Nuad mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.
2024-11 | Ceardlann ar Heartstopper le daltaí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne mar chuid d’Fhéile Liteartha an Daingin.
2024-10 | Plé painéil ar Heartstopper le daltaí scoile ó Choláiste Chluain Dolcáin mar chuid den Red Line Festival.
2024-08 | Caint ar Heartstopper as Gaeilge ag Bród Chléire.
2024-06 | Óráid ag seoladh Heartstopper as Gaeilge sa Siopa Leabhar.
2024-05 | Duine den bheirt phríomhoirfideach ag Ó Bhéal i gCorcaigh.
2023-11 | Cúirt Filíochta Oireachtas na Gaeilge.
2023-08 | Bród Chléire.
2023-07 | Irish Poetry Reading Archive.
2023-06 | Seoladh an mhóreagráin aitigh de Comhar in Street 66.
2023-05 | Príomhoirfideach ag Pride Poets in Street 66.
2023-05 | Dán coimisiúnaithe ‘A Ghaela na n-ae istigh’ curtha i láthair don slua ag an bhFéile Bheag in Ollscoil Mhá Nuad.
2023-03 | REIC x To Be Migrant @ CHQ at the 5 Lamps Festival.
2022-11 | Sheol an leabhar Snámh na Saoirse le Róisín Sheehy ar son Comhar ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne.
2022-09 | Comhar@80 in Eaglais Choláisteach San Nioclás i nGaillimh mar chuid de Chomhdháil na Gaillimhe.
2022-08 | Chuir obair AerachAiteachGaelach i láthair ag Queer Crushes in Street 66 in éineacht le Ciara Ní É.
2022-04 | Comhar@80 sa Músaem Náisiúnta Cló, Baile Átha Cliath.
2022-04 | REIC @ Cúirt, Gaillimh.
2021-12 | Poetry Ireland Introductions @ Smock Alley.
2021-11 | REIC x IMRAM @ McGrattans.
2021-03 | Labhair Linn sa Leabharlann le Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath [ar líne].
2020-04 | REIC x Lá na Filíochta [ar líne].
2018-06 | Bród na nGael, Baile Átha Cliath @ Club Chonradh na Gaeilge.
2017-06 | Bród na nGael, Baile Átha Cliath @ Club Chonradh na Gaeilge.
2018 | REIC @ Club Chonradh na Gaeilge.
2015 | REIC @ The Generator.
-
Scríbhneoireacht agus Léiriú
Grindr, Saghdar agus Cher (2022-24) le Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy agus Sam Ó Fearraigh.
Idir Mise agus Craiceann do Chluaise(2021) le Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy.
Aisteoireacht
Aisteoir in Grindr, Saghdar agus Cher [dráma le Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy, Sam Ó Fearraigh]:
2024-12 | Cultúrlann Uí Chanáin, Doire.
2024-11 | Éigse Chluainín, Liatroim.
2024-08 | Bród Chléire, Corcaigh.
2024-05 | Phizzfest, Baile Phib.
2024-03 | Axis, Baile Munna.
2023-11 | Outburst Arts Festival, An Chultúrlann, Béal Feirste.
2023-07 | Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe, Scoil Sailearna agus an Taibhdhearc.
2023-07 | Bród na Gaeltachta, Dún na nGall.
2023-05 | International Dublin Gay Theatre Festival. Grúpa ainmnithe do thrí ghradam.
2022-11 | IMRAM, Smock Alley Theatre, Baile Átha Cliath.
2022-11 | Oireachtas na Gaeilge, Cill Airne, Ciarraí.
-
Agallaí le haghaidh phodchraoladh ‘Cruthaigh’, feachtas de chuid Gaeilge365 agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Rannpháirtí sa scannán faisnéise Croíthe Radacacha le Ciara Hyland: https://ifi.ie/film/irish-focus-croithe-radacacha/
-
2023-12 | Aistritheoir filíochta don tionscadal All Ways Home | Gach Slí Abhaile a rinne ceiliúradh ar sheoladh EIRSAT-1, an chéad satailít de chuid na hÉireann a cuireadh chun an spáis. Físean an dáin: https://www.youtube.com/watch?v=dCZc7V7gUF4
2023-05 | Coimisiún ón bhFéile Bheag in Ollscoil Mhá Nuad le dán a chumadh mar fhreagra ar Chaoineadh Airt Uí Laoghaire. Foilsíodh an dán in Irisleabhar Mhá Nuad 2023.
2023-04 | Aistritheoir don tionscadal SCÉAL? (Coláiste de hÍde x Creative Connections).
2022-04 | Rannpháirtí sa tionscadal Solar Projections ar chuireadh an fhile Chandrika Narayanan-Mohan.
-
2024 | Sparánacht chónaitheachta ó AerachAiteachGaelach X Meitheal Chléire.
2023 | Sparánacht ó Áras na Scríbhneoirí.
2021 | Roghnaithe don scéim meantóireachta Gaeilge ar an Stáitse le Fishamble Theatre.
2021 | Roghnaithe do Poetry Ireland: Introductions.
2020 | An chéad duais i gcomórtas filíochta REIC le ‘Seo Mo Spás’.
2014 | An chéad duais i gComórtas Filíochta Chraobh Aimhirgin, Comórtais Liteartha an Oireachtais le ‘Leoró’.
-
2020-2024 | Coimeádaí chuntas @queercalcomhra ar Instagram, ardán eolais do phobal LADTAIÉ+ na Gaeilge.
2020 | Comhbhunaitheoir AerachAiteachGaelach.
2019-2024 | Stiúrthóir Queercal Comhrá Bhaile Átha Cliath in éineacht le Brian Mac Muiris.
2019-2021 | Oifigeach Ballraíochta Chlub Chonradh na Gaeilge.
2011-2012 | Bunaitheoir agus an chéad Chathaoirleach ar Chonradh na Gaeilge, Beirlín.
*
2023-08 | Príomhtheagmhálaí AerachAiteachGaelach do Bhród Chléire 2023.
2023-06 | Príomheagraí le hErin Mac an tSaoir ar an mBál Aiteach do Bhród 2023.
2022-06 | Príomheagraí le hErin Mac an tSaoir ar an mBál Aiteach do Bhród 2022.
2021-06 | Eagraí le Kevin Johnston ar an gCluiche Snatch do Bhród 2021.
2020-06 | Eagraí fhíseán AerachAiteachGaelach do Bhród 2020.
2019-06 | Eagraí le Ciara Ní É ar Bhród na nGael 2019, Baile Átha Cliath.
2018-06 | Eagraí le Ciara Ní É ar Bhród na nGael 2018, Baile Átha Cliath.
2017-06 | Taibheoir ag Bród na nGael 2017, Baile Átha Cliath, arna eagrú ag Dean Farell agus Cian Ó Gríofa.