Is scríbhneoir, aistritheoir agus aisteoir ó oirthear na Gaillimhe é Gearóid Ó Treasaigh.
Bhain sé Máistreacht san Aistriúchán amach in 2023, agus is iad na teangacha a mbíonn sé ag plé leo ná an Ghaeilge, an Béarla, an Ghearmáinis agus an Spáinnis. Sa réimse cruthaitheach, tá sé tar éis eagarthóireacht a dhéanamh ar chnuasaigh filíochta agus Gaeilge a chur ar scripteanna teilifíse.
Agus an deis aige, cruthaíonn sé a shaothair féin freisin; scripteanna, go háirithe. Bhain sé féin agus Seán Ó hUallacháin an tríú duais amach sa chomórtas ‘Dráma Raidió’ ag Oireachtas na Samhna 2023 leis an dráma Biúró na hEorpa, Gleann na Raithní. Le deireanas, bhí sé mar chuid d’fhoireann scríbhneoireachta a d’fhorbair agus a scríobh sraith teilifíse a bheidh le craoladh ar Cúla4 amach anseo. Lasmuigh den drámaíocht, bhain sé gearrliosta na Féile Raifteirí amach in 2023 leis an dán ‘Tigh Harney, NB’.
Titeann an chaint isteach in áit na scríbhneoireachta amantaí agus taithí aige ag aisteoireacht ar an stáitse go hamaitéarach agus go gairmiúil. Chomh maith leis sin, tá sealanna caite aige ag múineadh na Gaeilge in ollscoileanna in Éirinn agus ar Oileán Turtair (Ceanada, ICUF).