Joe Simpson (sé/é)
Is teangeolaí é Joe a bhfuil spéis aige i sochtheangeolaíocht agus stair na dteangacha Ceilteacha. Tá sé ag obair in Ollscoil Mhá Nuad faoi láthair ar thionscadal iardhochtúireachta maidir le húsáid na Gaeilge agus an pleanáil teanga ar an gcampas.
Tá PhD aige ó Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD a bhfuil comhréir stairiúil na Gaeilge mar ábhar ann.
Chomh maith lena chuid staidéar dochtúireachta, tá spéis aige san aistriúchán, i bpolasaí agus pleanáil teanga, sa bpolaitíocht bhunreachtúil agus i sochtheangeolaíocht na hinscne agus na féiniúlachta.
Tá Gaeilge, Breatnais agus Spáinnis ag Joe agus d’oibrigh sé mar intéirneach leis an Endangered Languages Project.
Bhí Joe ina aisteoir gutha sa dráma Idir Mise agus Craiceann do Chluaise (2021) le Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy.