Karen Donnellan (siad/sí)
ig: @cosmicwetness
Is ealaíontóir síceach, cneasaí fuinnimh agus oide iad Karen Ní Dhomhnalláin. Tá Baitsiléir Deartha sa Ghloine acu ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha, Baile Átha Cliath, agus Máistreacht sa Mhínealaín ón Institiúid Teicneolaíochta in Rochester, Nua Eabhrac.
Bhí siad ina stiúrthóir ar stiúideonna an Ionaid Náisiúnta Teilgean Gloine, ina nOllamh Comhlach le Gloine agus ina gCathaoirleach ar Chlár Léann na Dealbhóireachta/Staidéar Toise in Ollscoil Alfred, Nua Eabhrac 2014-2022. Tá go leor institiúidí ealaíon éagsúla tar éis cónaitheacht a bhronnadh ar an Domhnállach, ina measc, Músaem Ealaíne Toledo, Ollscoil Ealaíne Dhún Éideann, Ionad Cruthaitheach Gloine Mheiriceá agus Scoil Ghloine Pilchuck.
Cuimsíonn a n-ealaín an dealbhóireacht, an ceol, súiteáin, focail agus físeáin. Tá a saothair le fáil i roinnt bailiúcháin phríobháideacha agus phoiblí agus léiríodh iad go hidirnáisiúnta in ionaid ar nós Mhúsaem an Smithsonian, Músaem Gloine Corning, Músaem Tushanwan agus An Músaem Náisiúnta Gloine.
Is cleachtóir agus múinteoir iad Karen sna modhanna cneasú fuinnimh Rising Star, Prema Birthing, Reiki agus Seichem.