*An Chos Eile* san axis, Baile Munna
27-28 Samhain @ 20:00.
Amharclann axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath 9, D09 Y9W0.
Dráma nua aiteach Gaeilge i mBaile Munna
Beirt pheiledóirí gaelacha iad Brian agus Cathal, agus tús á chur acu le séasúr nua leis an gclub áitiúil. Ach nuair phógann siad a chéile gan choinne tar éis an chéad chluiche, ní fada go dtuigtear dóibh go bhféadfadh an cor nua sa chaidreamh eatarthu teacht salach ar a saol sa spórt. Agus an séasúr ag leanúint ar aghaidh agus an caidreamh ag dul i ndoimhneacht, an féidir leo an fhírinne a insint don fhoireann? Scéal teacht in aois é An Chos Eile, agus scrúdú ar an aiteacht i spórt na bhfear.
Scríbhneoir: Seán Mac Dhonnagáin
Stiúrthóir: Em Ó Ceallaigh
Arna léiriú ag Kevin Johnston ar son AerachAiteachGaelach
Forbraíodh An Chos Eile faoin scéim Axis Assemble/Axis as Gaeilge 2020-2021, agus tá an léiriú seo á chur ar fáil le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.