Catagóirí Bhál Aiteach 2025 fógartha

Tóg amach an gunna gliú, buail isteach chuig an siopa carthanachta áitiúil agus réitigh d’fheisteas, mar seo chugainn Bál Aiteach 2025!

Beidh an Bál ar siúl an 21 Meitheamh thuas staighre sa Back Page i mBaile Phib. Beidh ticéid le ceannacht ag tús an tsamhraidh.

Tús 18:00

Cluichí 19:00

Bál 21:00

Leis an mBál Aiteach, tá muid ag glacadh inspioráide ó na báil a d’eagraíodh agus a eagraíonn an pobal de dhath agus an pobal gorm/dubh i Nua Eabhrac. Is é an rud a tharlaíonn ag an mBál Aiteach ná go dtagann an pobal le chéile agus rún ag daoine cur isteach ar cheann amháin nó níos mó de na catagóirí (sonraí thíos). Bíonn feisteas acu a fheileann do théama na catagóire sin agus gléasann siad iad féin ag an imeacht le dul in iomaíocht le daoine eile sa gcatagóir chéanna. Siúlann siad suas síos sa spás chun go bhfeicfidh an lucht féachana agus na moltóirí an feisteas agus ansin roghnaíonn na moltóirí an feisteas is fearr i ngach catagóir. Bronntar duais ar bhuaiteoir gach catagóire.

Bíonn spraoi iontach ag an mBál gach bliain agus slua álainn i láthair aige.

Bain triail as tú féin! Is iad seo catagóirí 2025:

Next
Next

Podchraoladh faoi obair AAG