Buaiteoir chomórtas ealaíne AAG fógartha

Comhghairdeas ó chroí le Ciarán Keenan as an gcéad áit a bhaint amach i gcomórtas ealaíne AerachAiteachGaelach i mbliana.

Seo chugaibh an píosa speisialta
T E A G H L A C H T O F A
(Uiscedhath agus digiteach, A4)

Bhí an méid seo le rá ag an ealaíontóir faoin bpíosa:

"Thug mé fé deara nach bhfuil mórán píosaí aiteacha agam ar mo phortfóilió agus bhíos ag iarraidh píosa a dhéanamh fé choincheap an teaghlaigh thofa le tamall anuas. Táim buíoch de AerachAiteachGaelach as an seans a thabhairt dom é sin a dhéanamh!

De ghnáth bíonn daoine claonta inár gcoinne mar gheall ar ár gcuid gnéasachta ar chúis ar bith. Mar sin tá sé an-tábhachtach gur féidir le daoine aiteacha teacht le chéile agus a bhféiniúlachtaí a chur in iúl is cuma an cúlra; is rud álainn é. Bród sona do gach duine!"

Bhí an moltóir neamhspleách an-mholtach go deo faoin bpíosa. Bhí an méid seo a leanas le rá aici:

'[...] Ba é an píosa Teaghlach Tofa ba mhó a tharraing mo shúil - tá an déanamh, an ghluaiseacht agus an comhdhéanamh snoite agus tá an-éifeacht ag na dathanna agus na sonraí teicniúla - go háirithe agus uiscedhathanna atá i gceist, meán atá deacair a láimhseáil. Tá sé an-suimiúil mar théama agus mar phíosa agus d'fhéadfainn é a shamhlú ar crochadh i ngailearaí go héasca. Is é an píosa is fearr liom as na píosaí go léir."

Previous
Previous

Ceardlann ealaíne ag Féile na Gealaí

Next
Next

Drámaí Gaeilge ag an International Dublin Gay Theatre Festival