Bál Aiteach 2024

Is é an Bál Aiteach leis an Queercal Comhrá an t-imeacht is galánta agus is glioscarnaí sa mbliain do phobal LADTAIÉ+ na Gaeilge.

Ealaíontóir: Ciarán Keenan

Beidh beárbaiciú againn 17:00-19:00; cluichí spraíúla trí Ghaeilge 19:00-21:00; agus ansin an Bál féin 21:00-23:00, ag glacadh inspioráide ó na báil in Harlem sna 1980idí.

Praghas, mar eolas = €10. €5 le ballraíocht AAG.

Gléasfaidh daoine de réir catagóire:

  • ExtravaGeansaí

  • Dathanna an Chontae

  • Drag Caoineadh

  • TG Leathair

Beidh duais ar luach €100 i gceist don fheisteas is fearr i ngach catagóir. Roghnóidh gach buaiteoir a nduais féin ó Eolaire Údarás na Gaeltachta chun go rachaidh an t-airgead ón imeacht i dtreo phobal na Gaeltachta.

Is ceiliúradh é an Bál Aiteach ar an gcultúr aiteach agus ar an nGaeilge agus cruthaíonn sé atmaisféar cuideachtúil tacúil le gur féidir le daoine iad féin a chur in iúl i mbealach cruthaitheach. Bígí linn!

Eagraithe: Queercal Comhrá Bhaile Átha Cliath i gcomhar le hAerachAiteachGaelach agus Baile Átha Cliath le Gaeilge. Teagmhálaithe: Eoin Mc Evoy agus Erin Mac an tSaoir.

Le tacaíocht ón gCiste Spreagtha.

Next
Next

Ceardlann Scríbhneoireachta AAG i mBéal Feirste