Ceardlann Scríbhneoireachta AAG i mBéal Feirste

Beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl ag AerachAiteachGaelach i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, ar an 18 Bealtaine 2024, ón 10:00 go dtí 15:00.

Ceardlann idirghníomhach a bheidh ann le beirt scríbhneoirí ghradamúla. Pléifidh Sam Ó Fearraigh - file, drámadóir, aisteoir, agus scríbhneoir scripte - ceird na scriptscríbhneoireachta linn agus pléifidh Seán Ó Muireagáin - gníomhaí pobail, file, agus gearrscéalaí - gnéithe den phrós-scríbhneoireacht. Is deis iontach í seo chun an peann a chur le pár agus scileanna scríbhneoireachta a fhorbairt.

Comharghrúpa spleodrach ealaíon is ea AerachAiteachGaelach agus breis agus 120 ealaíontóir aiteach ann, idir scríbhneoirí, cheoltóirí, dhrámadóirí, ghrianghrafadóirí, thaibheoirí draig agus ealaíontóirí físe agus fuaime. Chuir na filí Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy an grúpa ar bun ag tús 2020 in Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath agus is iad an bheirt chéanna atá ag comhstiúradh an ghrúpa faoi láthair.

Tá an cheardlann seo á maoiniú le tacaíocht Fhoras na Gaeilge trí Scéim na Litríochta.

Is é Stiofán Ó Briain Comhordaitheoir Ceardlann AerachAiteachGaelach.

Previous
Previous

Bál Aiteach 2024

Next
Next

*Grindr, Saghdar agus Cher* ag Phizzfest