Scéim Cónaitheachta AAG ar Oiléan Chléire 2024

‘How terrifying it’s been to realize no one thinks my people have a future.’ 

Sin iad focail N.K. Jemisin ina réamhrá leis an gcnuasach How Long ’Til Black Future Month (2018). Sna scéalta ficsean eolaíochta agus fantaisíochta a leanann an réamhrá sin, samhlaíonn Jemisin carachtair chumhachtacha de dhath agus domhan féidearthachtaí a spreagann dóchas agus a ardaíonn ár meanma. 

Is iomaí duine a chreideann nach bhfuil aon todhchaí amach roimh an nGaeilge ach oiread.

Tuigimidne a labhraíonn í go mbeidh, áfach, fad is beo dúinn féin agus fad is beo dár n-ealaín. Ach cén todhchaí í sin? Cén chuma atá uirthi? Conas is féidir leis an ealaín an todhchaí sin a shamhlú, a léiriú, a fhíorú? 

Sa mbliain 2024, cuirfidh AerachAiteachGaelach agus MEITHEAL Phlean Teanga Chléire ocht gcinn de sparánachtaí cónaitheachta ar fáil le healaíontóirí de chuid an ghrúpa a thabhairt go hOileán Chléire i gCorcaigh le tabhairt faoi thionscadal ealaíne ar bith faoin téama An Todhchaíochas Gaelach | Gaelic Futurism.

Gach ealaíontóir a roghnófar faoin scéim seo, caithfidh sé/sí/siú/siad 10 lá ar an Oileán. Tarlóidh gach cónaitheacht sa tréimhse idir an 1-31 Márta 2024.

Tá sé i gceist go nglacfadh na healaíontóirí inspioráid ó cheannródaithe ghluaiseacht an Afra-Thodhchaíochais (leithéidí Janelle Monáe i réimse an cheoil, Octavia E. Butler i réimse na scríbhneoireachta, Jean-Michel Basquiat agus Ellen Gallagher i réimse na healaíne) agus go gcuirfeadh siad an méid a fhoghlaimíonn siad i bhfeidhm chun saothair nua shamhlaíocha a cheapadh agus a fhorbairt faoi rúibric an Todhchaíochais Ghaelaigh ar an oileán.

Is é Oileán Chléire, atá 3 mhíle ar fhaid agus míle ar leithead, an t-oileán is faide ó dheas in Éirinn a bhfuil cónaí ann. Tá sé 8 míle amach ó chósta Iarthar Chorcaí. Tá Carraig Aonair léi féin 3 mhíle siar ón oileán. Síneann Carn Uí Néid, an pointe is faide ó dheas ar an mórthír, siar ó thuaidh. Chothaigh AerachAiteachGaelach nasc le pobal an oileáin nuair a d'eagraigh Ruairí Ó Donnabháin agus a chomhghleacaithe Bród Chléire 2023, an chéad fhéile LADTAIÉ+ ar an oileán, agus tá muid ar bís faoin gcomhfhiontar nua seo.

Is gléas é an téama ‘An Todhchaíochas Gaelach’ leis an tsamhlaíocht a fhuascailt, le bheith ag smaoineamh ar shuíomhanna, ar charachtair agus ar shochaithe nach ann dóibh ach a d’fhéadfadh a bheith, le todhchaí na Gaeilge agus a pobail a shamhlú as an nua. Beidh fáilte mhór roimh gach cineál ealaíne: an amhránaíocht, an ceol, an damhsa, an drag, an drámaíocht, an ealaín, an fhilíocht, an prós agus eile!

Is gá gur trí Ghaeilge a dhéanfaí an obair. 

Seo chugainn an todhchaí!

Is tionscadal comhpháirteach é seo idir AerachAiteachGaelach agus MEITHEAL Phlean Teanga Chléire. Is féidir linn na sparánachtaí a chur ar fáil a bhuí leis an duaischiste ó Chomórtas na nDea-Chúiseanna ag an gCrannchur Náisiúnta, comórtas ar bhain AAG an chéad duais i gcatagóir na Gaeilge ann 2023.

Previous
Previous

Seisiún Míosúil Scríbhneoireachta

Next
Next

An Gala Aiteach