Seisiún Míosúil Scríbhneoireachta

Spás agus am an dá rud is mó a bhíonn ag teastáil ó gach scríbhneoir agus ní miste comhluadar daoine eile a bheith acu le hiad a choinneáil dírithe ar na spriocanna a leagann siad amach dóibh féin.

Sna seisiúin seo, tiocfaidh scríbhneoirí Gaeilge le chéile in Outhouse, Baile Átha Cliath, le dul i mbun pinn ar a gcuid tionscadal féin nó i dtionscadail chomhpháirteacha le scríbhneoirí eile.

Seisiún míosúil is ea é seo a bheidh ar siúl ar an dara Céadaoin de gach mí. Beidh aoi-áisitheoirí chugainn i gcuid de na seisiúin.

Seisiún 1: 10 Eanáir 2024

Is faoi choimirce AerachAiteachGaelach atá an tsraith seo seisiún á reachtáil agus tá Foras na Gaeilge ag tacú leis an tsraith trí Scéim na Litríochta. Beidh tús áite ag baill AAG ach tá fáilte roimh aon scríbhneoir le Gaeilge agus ní gá go mbeadh duine aiteach le bheith linn.

Ba le Cúnla ní Bhraonáin Morris an smaoineamh do na seisiúin seo agus is iad Eoin Mc Evoy agus Stiofán Ó Briain a d’eagraigh.

Previous
Previous

Buaiteoirí na spáranachtaí cónaitheachta i gCléire 2024

Next
Next

Scéim Cónaitheachta AAG ar Oiléan Chléire 2024