Buaiteoirí na spáranachtaí cónaitheachta i gCléire 2024

Tá áthas an domhain ar AAG go mbeidh deichniúr ealaíontóirí ag dul isteach ar Oileán Chléire i mí an Mhárta le tabhairt faoi thionscadail ealaíne faoin téama An Todhchaíochas Gaelach.

Is iad buaiteoirí na spáranachtaí cónaitheachta ná: Conall Ó Duibhir, Emma Ní Chearúil, Eoin Mc Evoy, Pádraig Ó Cuinneagáin, Sam Ó Fearraigh, Samuel Ford, Seirce Mhac Conghail, Seosamh Mac Seoin, Tadhg Mac Eoghain, agus Tadhg Ó Grifín. Comhghairdeas ó chroí leo!

Dúirt na moltóirí:

“B'údar misnigh agus taitnimh dúinn uilig a bheith ag plé le hiarratais chruthaitheacha a chuimsigh raon spleodrach foirmeacha ealaíon agus tá an-sceitimíní orainn triúr torthaí na scéime a fheiceáil amach anseo. Bhí ardchaighdeán le brath sna hiarratais ar fad"

Rinneadh an measúnú go hanaithnid ag triúr moltóirí.

Cuir aithne ar na buaiteoirí:

Conall Ó Duibhir

Is ealaíontóir coincheapúil é Conall a bhaineann úsáid as meáin mheasctha ina shaothair. Tar éis blianta de bheith ag machnamh, tá togra nua á chur ar bonn aige ag cruthú cartlann thuairimeach (speculative archive) d’fhís-ealaíona na Gaeilge. Aithnítear lárnacht na scéalaíochta i dtraidisiún na hÉireann (idir thraidisiún na Gaeilge agus thraidisiún an Bhéarla), ach níl an bhéim chéanna ar na hamharcealaíona, de bharr cúinsí staire agus eile. Is í an aidhm atá aige leis an togra seo agus leis an gcartlann thuairimeach sin ná saothair ealaíona a chruthú, scéalta a chumadh agus ephemera a dhearadh timpeall orthu. Tá taithí ag Conall ar réimse leathan ábhair ealaíne a úsáid, agus tá forbairt á dhéanamh aige ar a chuid scileanna ar chuid acu i láthair na huaire. Tá an-taithí aige ar an bpéint aicrileach agus ola, agus priontáil líonóile. Is é Conall Oifigeach Foilseachán AerachAiteachGaelach.

Emma Ní Chearúil

Is craoltóir agus cruthaitheoir í Emma agus spéis aici i réimsí éagsúla ealaíon: ag cur peann le pár, péint le scuab, nó ag cruthú ceoil. Go dtí seo tá dánta agus prós dá cuid foilsithe in irisí Gaeilge agus Béarla, agus tá cláracha raidió léirithe aici, idir chinn chruthaitheacha agus chinn faisnéise. Tá a cuid scríbhneoireachta foilsithe agus léirithe aici ag ócáidí agus in irisí - The Stinging Fly, Comhar, RTÉ.ie agus Féile Liú Lúnasa ina measc. Tá sí ag obair faoi láthair ar dhráma a aistriú, ar Scéalta Grimm a chur in eagar do lucht léitheoireachta comhaimseartha, ar fhuaimrian a chruthú do dhráma nua Gaeilge, agus ar scéal nua a scríobh.

Eoin Mc Evoy

Is file, drámadóir, aistritheoir, scríbhneoir agus aisteoir é Eoin a oibríonn trí mheán na Gaeilge amháin. Tá dánta leis le léamh in Comhar, Aneas, The Stinging Fly, Howl, Feasta, Irisleabhar Mhá Nuad agus Pride Poets. Cuireadh dhá dhráma leis chun stáitse agus scríobhadh léirmheasanna dearfacha orthu, mar atá Grindr, Saghdar agus Cher (2022-4) in éineacht le Ciara Ní É agus Sam Ó Fearraigh agus Idir Mise agus Craiceann do Chluaise (2021) in éineacht le Ciara Ní É. Tá aistriúcháin dá chuid le léamh in Cyphers agus an Journal of Literary Translation (JoLT). Tá sé ar dhuine de Chomhstiúrthóirí AerachAiteachGaelach.

Pádraig Ó Cuinneagáin

Is file, scríbhneoir agus craoltóir raidió é Pádraig Ó Cuinneagáin. Tá a shaothar le léamh in Howl, Comhar, Feasta, Channel agus Poblachd Nam Bard agus le cloisteáil ar an tsraith  Teachtaireachtaí le Raidió na Life. Roghnaíodh é le beith páirteach i scéim Éigse Éireann Céadlínte 2022. D'éirigh leis an liosta fada a bhaint amach i gComórtas Físín 2021. Is é Pádraig Rúnaí AerachAiteachGaelach. Is iad an fhéiniúlacht, an nádúr agus an dúchas na téamaí atá ag spreagadh a chuid scríbhneoireachta faoi láthair. 
Sam Ó Fearraigh

File, scríbhneoir, agus amharclannóir is ea Sam Ó Fearraigh, as Gort a’ Choirce, i dTír Chonaill. Tá filíocht leis foilsithe in Poblachd nam Bàrd, Green Carnations | Glas na Gile, agus ROPES, agus ficsean gairid in Splonk agus sa chnuasach Bláth na dTulach. Bhuaigh a dhán ‘Mise Aerach’ an darna áit i gcomórtas slamfhilíochta Liú Lúnasa 2020. Rinne sé aistriúcháin ar fhilíocht Gàidhlig Mharcas Mhic an Tuairneir dá chnuasach Dùileach (2021). Bhí Sam ina chomhscríbhneoir, comhléiritheoir agus aisteoir sa dráma Grindr, Saghdar ⁊ Cher (2022) in éineacht le Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy. Craoladh a ghearrdhráma Béarla do raidió, Jack, ar Highland Radio in 2021. In 2020, bhuaigh sé coimisiún chun an dráma gairid, Balbháin, a scríobh agus a láithriú do Cheangal | Dolen, comhdháil d’amharclannóirí ag obair trí mheán na Gaeilge, na Gàidhlig, agus na Breatnaise.
Samuel Ford

Is scríbhneoir, drámadóir agus aisteoir é Sam Ford ón gCloch Leathan i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina ealaíontóir cónaithe i gCafé Bewley’s ar Shráid Grafton anuraidh, áit ar scríobh sé an dráma suíomhoiriúnaithe Emergency a bhain le freastalaí Ostarach Giúdach a tháinig go Baile Átha Cliath sa bhliain 1938. Dhá bhliain roimhe sin, scríobh Sam dráma suíomhoiriúnaithe eile darbh ainm The Cyclone Kid a bhain le teachtaire rothair a thiteann i ngrá le Colómach dathúil agus an bheirt acu ag rothaíocht trí shráideanna na cathrach. Scéal grá aiteach a bhí ann a bhí ainmnithe do Ghradam Amharclainne an Irish Times 2022. Bhí Sam le feiceáil i roinnt drámaí Gaelacha le blianta anuas: Cara sa Chúirt (Féile Liú Lúnasa agus An Picnic Leictreach, 2017), Corp agus Anam (TG4, 2011), agus An Créatúr (Vico Films, 2007).

Seirce Mhac Conghail

Is scríbhneoir, éascaitheoir, agus déantóir scannáin iad Seirce a oibríonn go dátheangach. Tá siad tar éis páirt a ghlacadh i scéimeanna forbartha scripte ar nós Scéal Úr le Danú Media, TG4, agus BBC Gaeilge 2020-21, chomh maith leis an scéim Scéal to Set i 2023 le Ardán agus an Acadamh Talainne Náisiúnta. Tá siad tar éis scata dánta Béarla a fhoilsiú in irisí clóite agus ar líne. Tá siad ag obair ar dhráma fuaime faoi láthair leis an dtogra idirnáisiúnta Synchromesh. Tá suim acu i scríbhneoireacht atá saibhir ach ina bhfuil an bhéim ar theanga choiteann na ndaoine. 

Seosamh Mac Seoin

Is aisteoir, láithreoir, scríbhneoir agus scannánóir as Iarthar Bhéal Feirste ó dhúchas é Seosamh agus tá sé lonnaithe i mBaile Átha Cliath anois. D’fhreastail sé ar ollscoil aisteoireachta in Manhattan ar a dtugtar The Neighborhood Playhouse School of the Theatre. Le tacaíocht ó Nemeton TV agus Údarás na Gaeltachta, scríobh sé, stiúir sé agus bhí sé i mbun aisteoireachta i ngearrscannán ar a dtugtar UILÍOCH. Scannán Gaeilge é sin atá lonnaithe sna 6 chondae i rith na 1980idí. Bhuaigh an gearrscannán sin ‘Best Debut Film’ ag an Waterford International Film Festival, ‘Best Live Action Short’ ag an Cinemagic On The Pulse i mBéal Feirste, agus ‘Gearrfhíseán Dátheangach na Bliana’ ag na SMEDIA Awards agus roghnaíodh é le taispeáint ag féilte scannán éagsúla ar fud an domhain: Los Angeles, An Róimh, Corcaigh, Manchain agus An tSualainn. Chomh maith leis sin, beidh gearrscannán úrnua leis NÍ MAR A SHÍLTEAR A BHÍTEAR le taispeáint ar TG4 ag deireadh 2024. Bhuaigh sé an comórtas scríbhneoireachta scripte Físín in 2023 lena script úr GLACAIM (réamhléiriúchán). Is láithreoir é le CÚLA4 agus TG4 fosta. Tá taithí aige ar bheith ag obair le comhlachtaí teilifíse ar nós Macalla, Abú, Fíbín, MOC2 srl.

Tadhg Mac Eoghain

Is aistritheoir agus scríbhneoir ú Tadhg Mac Eoghain atá lonnaithe i mBeirlín sa Ghearmáin. Tá spéis ar leith aiciú sa tsochtheangeolaíocht, go háirithe an t-idirgníomhú idir féiniúlachtaí agus cúrsaí teanga. Bronnadh Bonn Néill Uí Dhónaill 2021 ar Thadhg as an aiste ‘Foclóireacht, Aiteacht, Coimíneacht’ agus d’fhoilsigh siú an dara eagrán de An Foclóir Aiteach in 2022 chun téarmaíocht aiteach na Gaeilge a mhéadú agus a chur chun cinn. Bíonn Tadhg ag scríobh gearrfhicsin agus filíochta chomh maith nuair a bhuaileann an splanc inspioráide doibhiú. Baineann a gcuid scríbhneoireachta leis na téamaí seo a leanas: féiniúlachtaí LADTA+, an fhantaisíocht, an teacht in inmhe, an mheabhairshláinte, an béaloideas, aiteacht an dúlra, agus saolta éagsúla i mullach a chéile.

Tadhg Ó Grifín

Is ceoltóir agus cumadóir é Tadhg atá lonnaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath. Cloistear meascán den cheol traidisiúnta, den snagcheol, den fhunc agus den rac-cheol ina chuid ceolchoirmeacha, agus é ag insint scéalta pearsanta faoi ngrá, an ghnéasacht agus an féinghlacadh. Is ceiliúradh iad a sheóanna aonair agus a sheónna banna ar chumhacht an cheoil agus ar chastacht an tsaoil. Tá sé tar éis na scéalta sin a insint ar na stáitsí is suntasaí in Éireann: Electric Picnic, Féile na Gealaí, Féile Liú Lúnasa, an tOireachtas, Lá Mór na Gaeilge agus go leor eile. Chum sé an t-amhrán “Mo Dhomhan Féin” ar son AerachAiteachGaelach i gcomhair ceolchoirm ar líne a bhí againn i rith na paindéime.

Previous
Previous

Ceardlann Fuála sa Rediscovery Centre

Next
Next

Seisiún Míosúil Scríbhneoireachta