Ceardlann Fuála sa Rediscovery Centre

D’fhoghlaim baill d’AerachAiteachGaelach conas greamanna bunúsacha a dhéanamh agus conas meaisíní fuála a úsáid sa gcéad cheardlann den bhliain an 2 Márta 2024. Bhuail muid le Róisín Ní Ghabhann sa Rediscovery Centre i mBaile Munna don cheardlann agus léirigh sí a ceird dúinn.

Is ionad oideachais agus pobail é an Rediscovery Centre i mBaile Munna a chuireann traenáil ar fáil do dhaoine maidir leis an ngeilleagar ciorclach (circular economy). Tá trí cheárta éagsúla acu sa bhfoirgneamh breá geal mar aon le caifé deas agus siopa breá inar féidir earraí athchúrsáilte a cheannacht. Thug Jackie ón ionad an grúpa timpeall na háite ar thuras suimiúil inar fhoghlaim muid faoi stair shóisialta Bhaile Munna agus faoi obair thábhachtach an ionaid.

Stiofán Ó Briain a d’eagraigh an cheardlann le cabhair ó Eoin Mc Evoy agus Luke Ó Dubhda.

Tá sé de rún ag an gcomharghrúpa ceardlann amháin a reáchtáil gach séasúr. Beidh ceardlann amháin i ngach cúige. Beidh ceardlann an tsamhraidh ar siúl an 18 Bealtaine i mBéal Feirste: Ceardlann Scríbhneoireachta AAG i mBéal Feirste.

Previous
Previous

Meitheal LADTA+ Téarmaíochta agus Aistriúcháin

Next
Next

Buaiteoirí na spáranachtaí cónaitheachta i gCléire 2024