Meitheal LADTA+ Téarmaíochta agus Aistriúcháin

GLAO AR LÉIRIÚ SPÉISE

An duine aiteach thú?

An bhfuil suim agat sa téarmeolaíocht?

An mbíonn tú ag lorg focail le labhairt faoi gach gné de do shaol i nGaeilge?

Tá saol aiteach na Gaeilge ag fás go rábach faoi láthair agus ba mhaith linn an deis a thapú cur leis an teanga agus í a mhúnlú de réir riachtanais ár bpobail féin. A bhuí leis an bhFoclóir Aiteach agus leis an gCoiste Téarmaíochta, tá roinnt mhaith téarmaí oifigiúla againn maidir le féiniúlachtaí éagsúla agus cúrsaí LADTAIÉ+, ach cad iad na focail eile atá le cloisteáil i mbéal an phobail? Cad iad na focail atá fós in easnamh?

Tá sé i gceist ag AerachAiteachGaelach Meitheal Téarmaíochta agus Aistriúcháin a chur ar bun le focail a bhailiú agus a chumadh, paimfléid eolais a aistriú agus a scaipeadh, agus an Ghaeilge a aitiú ar bhealach comhintinneach. Beidh roinnt de na téamaí seo a leanas i gceist leis an obair:

  • caint na sráide/béal an phobail

  • meabhairshláinte

  • il-leannánachas

  • salachar cainte

  • teoiric na haiteachta

  • acmhainní téarmaíochta agus cúrsaí LADTAIÉ+

An bhfuil suim agat páirt a ghlacadh ann?

Cuir scéal chuig aerach.aiteach.gaelach@gmail.com.

Beidh cruinniú againn ar líne le tuairimí a bhailiú, seisiún tobsmaointe a dhéanamh agus plean a leagan amach don tionscadal. Fáilte roimh aistritheoirí, scríbhneoirí, téarmeolaithe, filí agus duine ar bith atá ag iarraidh páirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt na teanga aití. Bígí linn!

Previous
Previous

*Grindr, Saghdar agus Cher* san axis i mBaile Munna

Next
Next

Ceardlann Fuála sa Rediscovery Centre