*Grindr, Saghdar agus Cher* san axis i mBaile Munna

Tá an dráma aiteach Gaeilge Grindr, Saghdar agus Cher ar ais ar an stáitse i mBaile Átha Cliath. Ní fhacthas san ardchathair é ó mhí Bealtaine anuraidh nuair a fuair sé trí ainmniúchán san International Dublin Gay Theatre Festival.

Tarraingíonn fear tuaithe anáil dhomhain agus tógann sé a chéad chéim thar an tairseach isteach i mbeár aerach. Fulaingíonn leispiach imeacht ‘Build-a-Willy’ ag cóisir cearc le scata ban díreach. Tugann fear aiteach, atá sa tóir ar an gcraiceann, bearradh gruaige dó féin nach bhfeicfidh ach fear amháin eile…

Trí mhonalóg. Triúr carachtar LADTA+… Trí dhearcadh ar leith acu ar an saol…

“Grindr, Saghdar agus Cher is an absolute treat … stories that feel real and relevant and right now. What is most refreshing is how natural and normal it feels to have these tales told in Irish, celebrating a community that may not have been in your consciousness before.”

* * * *  The Reviews Hub

"Ceardaithe focal iad triúr is léir, Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy agus Sam Ó Fearraigh, filí, drámadóirí, scéalaithe, aisteoirí agus fir is mná paiteanta amharclainne."

Pat Butler ar Tuairisc.ie


Tá gliondar ar Axis dul i gcomhpháirt le hAerachAiteachGaelach chun an dráma greannmhar, gnéasach, machnamhach, dainséarach seo a léiriú.

Dráma Gaeilge agus fotheidil Bhéarla ar fáil - beir leat do chuid cairde nach bhfuil an Ghaeilge acu!

Ceannaigh ticéad duit féin (€15/€12) agus do chairde leat agus bígí linn: https://axisballymun.ticketsolve.com/ticketbooth/shows/1173652706

Previous
Previous

Seisiún Aiseolais do Scríbhneoirí le hÁine Ní Ghlinn

Next
Next

Meitheal LADTA+ Téarmaíochta agus Aistriúcháin