Seisiún Aiseolais do Scríbhneoirí le hÁine Ní Ghlinn

Bhí an scríbhneoir iomráiteach Áine Ní Ghlinn chugainn in Outhouse an mhí seo le haiseolas a thabhairt dár scríbhneoirí ar a saothair. Chuir gach duine saothar chuici roimh ré agus thug sí aiseolas dúinn i scríbhinn agus ó bhéal. D’oibrigh muid léi ansin ar feadh dhá uair an chloig ar chleachtaí a rachadh chun leas na scripteanna.

Bí linn ag ár gcéad seisiún eile i mBaile Átha Cliath: Seisiún Scríbhneoireachta in Outhouse (08/05/2024).

Beidh ceardlann scríbhneoireachta á reáchtáil againn i mBéal Feirste go luath freisin: Ceardlann Scríbhneoireachta AAG le Sam Ó Fearraigh agus Seán Ó Muireagáin (18/05/2024).

Tá sé de sprioc ag AerachAiteachGaelach cur leis an ionadaíocht a dhéantar ar charachtair agus scéalta LADTAIÉ+ i litríocht na Gaeilge agus cabhraíonn na himeachtaí seo ar fad linn oibriú i dtreo na sprice sin. Tá muid faoi chomaoin ag Foras na Gaeilge as tacú lenár sraith seisiún scríbhneoireachta trí Scéim na Litríochta.

Previous
Previous

*Grindr, Saghdar agus Cher* ag Phizzfest

Next
Next

*Grindr, Saghdar agus Cher* san axis i mBaile Munna