Ciara Ní É agus Sam Ó Fearraigh ag AITEACH le Bob Gallagher
Ghlac na filí Ciara Ní É agus Sam Ó Fearraigh ó AerachAiteachGaelach páirt san imeacht dátheangach AITEACH: From Cú Chulainn to the Quare Fellow a reáchtáil an scannánóir Bob Gallagher.
San imeacht ealaíne seo, fíodh le chéile an ceol traidisiúnta, an stair shóisialta, an fhilíocht agus an Ghaeilge, agus Gallagher ag tabhairt léargas ar a chuid taighde féin i gcumadóireacht daoine aiteacha agus léiriú daoine aiteacha i gceol na hÉireann agus sa litríocht.
I measc na n-aíonna eile ar thug Gallagher cuireadh dóibh bhí an file FeliSpeaks agus na ceoltóirí Claire Kinsella (Lemoncello), Gareth Quinn Redmond, Alannah Thornburgh.