Páirt ag Hilary Bowen-Walsh sa léiriú nua Sruth na Teanga
Tá ár mball Hilary Bowen-Walsh páirteach i seó úrnua Bhranar, Sruth na Teanga, ar turas pearsanta é trí scéal ollmhór na Gaeilge. Léiriú do pháistí beaga (7+) agus móra atá sa seó seo ina dtabharfar na Fianna, Aois Órga na hÉireann, agus an Gorta Mór chun na beatha arís.
Tá Hilary i measc na n-aisteoirí a bheidh le feiceáil i gCoill na Scéalta sa léiriú seo a mheascann an aisteoireacht, an phuipéadóireacht, an beochan agus ceol úrnua le chéile go healaíonta chun an lucht féachana a spreagadh.
Tá an léiriú oiriúnach do chuile leibhéal Gaeilge agus Béarla. Ná cuir an seans amú Aerfort na Gaillimhe a fheiceáil ar bhealach difriúil!
Dátaí: 1-18 Meán Fómhair 2021.
Céadaoin-Aoine 18:00, 18:20, 18:40, 19:30, 19:50, 20:10
Satharn-Domhnach 12:30, 12:50, 13:10, 13:30, 13:50, 14:50, 15:10, 15:30, 15:50, 16:10.
Ní bheidh aon léiriú ar an Luan ná ar an Déardaoin.
Srian de dheichniúr ag gach seó.