Comórtas an Fhéich Dhuibh: Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin agus Eoin Mc Evoy
Chéad Áit | Áine Ní Ghlinn as a dán Scáth
Dara hÁit | Proinsias Mac a’ Bhaird as a dhán Doirling
Tríú hÁit | Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin (AAG) as Sliabh na mBan
Moladh ar leith | Eoin Mc Evoy (AAG) as a dhán Dubhfhiach
Comhghairdeas ó chroí le Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin a bhain an tríú háit i gcomórtas an Fhéich Dhuibh, ceann de chomórtais filíochta Fhéile Filíochta Fhine Gall 2021. Bhain Gormfhlaith an duais sin as a dán ‘Sliabh na mBan’.
Comhghairdeas freisin le hEoin Mc Evoy a fuair moladh ar leith as a dhán ‘Dubhfhiach’.
Foilsíodh na dánta ar fad in Feasta i Méan Fómhair 2021: https://www.siopaleabhar.com/tairge/feasta-2021-09-mean-fomhair/
Is mar seo a rinne an moltóir, an file Aifric Mac Aodha, cur síos ar an gcomórtas:
B’iontach an rud é a bheith ag plé le comórtas An Fhéich Dhuibh, aimsir dhubh na paindéime, agus chuaigh na hiarrachtaí go léir go domhain ionam.
Is trua liom go mór nach bhfuilim féin i bhur láthair inniu chun na duaisdánta a fhógairt agus tá mé an-bhuíoch de Cheaití Ní Bhéildiúin as seasamh sa bhearna dom.
Trí dhán a roghnaigh mé ar deireadh agus iad an-éagsúil óna chéile:
Sula bhfógraítear na torthaí, ba den tábhacht é an file Eoin Mc Evoy a lua as a dhán snoite, ábhartha, ‘Dubhfhiach’:
… Tuigtear dó dúchas, taibhsítear dó brí,
Braitheann sé ceangal dúrúnda le tír.
Éiríonn an branán ar eití mar scáth
Is eitlíonn sé uaidh ina phréachán …Maidir leis na buaiteoirí oifigiúla, is í Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin a bhain an tríú háit amach. Dán greannmhar atá ina hiarracht féin, ‘Sliabh na mBan’. Tá iarsma den fhilíocht Chlasaiceach le brath ar cheol lom an dáin seo agus moladh ar leith ag dul dá línte láir:
… Fainic ort má thugair fé
Na cruacha a dhreapadh go hard sa spéir;
Cuir uait do phár is do pháipéar —
Ní ghlacaimidne ach le litríocht bhéil …Is é Proinsias Mac a’ Bhaird a bhain an dara duais amach. Is breá liom an nóta neamhspleáchais sa dán seo:
… Agus mé ag siúl
Cladach seo na n-uilechloch
Tráth a fhoilmhe,
Tógaim an chloch ait
An spalla glas
An púróg dhonn
Is caithim leis na toinn iad …Is iad an dóchas atá in uachtar i ndeireadh an dáin seo, dar liom féin.
‘Tá stíl thaitneamhach réidh comhráiteach atá i leith na drámatúlachta ag [an bhfile seo].’ Ciarán Ó Coigligh a bhreac na focail sin faoi Áine Ní Ghlinn, thiar sa bhliain 1986 agus is dóigh liom go bhfuil siad fíor i gcónaí faoi shaothar ár bpríomhbhuaiteora:
…Thagadh sé ar ais ó am go chéile is
sheasadh sé sa halla. Dhéanadh sé cóta
a chuimilt nó smearadh láibe a ghlanadh de bhuatais …Cuireann an dán seo ‘The Listeners’ le Walter de la Mare i mo cheann, dán eile a léiríonn nach féidir an diamhracht a shárú.
— Aifric Mac Aodha