Scéal faoi fhear tras le Sam Ó Fearraigh foilsithe sa díolaim Bláth na dTulach (Éabhlóid)

Díolaim nua gearrscéalta ó Chúige Uladh

Tá scéal le Sam Ó Fearraigh (AAG) i measc na ngearrscéalta a foilsíodh sa díolaim nua Bláth na dTulach. ‘Oileánach’ ainm an scéil agus is é is ábhar dó ná fear tras sa Ghaeltacht.

Seoladh an díolaim nua i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich an mhí seo agus tá sé le ceannach ar shuíomh an fhoilsitheora Éabhlóid. Eiseofar na scéalta diaidh ar ndiaidh ar líne freisin ag https://blath-na-dtulach.com/

Is iomaí cruth agus dath ar an ghearrscéal agus tá a shéala sin le feiceáil go soiléir sa díolaim speisialta seo a dhéanann comóradh ar an ghearrscéalaíocht chomhaimseartha Ultach. Tá scéalta thar a bheith taitneamhach cruinnithe le chéile anseo ó 28 scríbhneoir, idir óg is aosta, as gach cearn de Chúige Uladh. Máistir-rang i bhfoirmeacha éagsúla an ghearrscéil atá le fáil idir clúdaigh an fhoilseacháin seo. Tá scéalta grá, scéalta díoltais agus scéalta dóchais anseo, tá scéalta eile ann a bhfuil an greann agus an brón chun tosaigh iontu, tá cuid de na scéalta fréamhaithe go docht i dtraidisiún an oidis bhéil agus cinn eile a bhfuil foirmlí agus foirmeacha na litríochta nua-aoisí le brath orthu. Is cuma cén áit a dtumfaidh an léitheoir isteach sa leabhar seo, gheofar rud inteacht leis an tsuim a mhúscailt agus leis an chian a thógáil.

- Éabhlóid

Previous
Previous

Áit gnóthaithe ag Sam Ó Fearraigh ar Abbey Begins 2021

Next
Next

Comórtas an Fhéich Dhuibh: Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin agus Eoin Mc Evoy