Aontas Scríbhneoirí Tras na hÉireann ag lorg tacaíochta

Tá roinnt ball de chuid AerachAiteachGaelach páirteach in Aontas Scríbhneoirí Tras na hÉireann freisin agus tá siad ag lorg tacaíochta dá bhfeachtas chun baghcat a dhéanamh ar an Irish Times de bharr alt maidir leis an teiripe thiontaithe a foilsíodh sa nuachtán an 9 Lúnasa 2021.

Tá struchtúr an chomharghrúpa AerachAiteachGaelach róscaoilte le ligean dúinn labhairt d’aon ghuth thar ceann na 60+ ball mar sin níl an baghcat sínithe ag an ngrúpa féin ach molaimid d’aon bhall a aontaíonn le téarmaí an bhaghcait a síniú a chur leis. Is féidir teacht ar shonraí an fheachtais agus ar nasc chun an baghcat a shíniú anseo:

Is fóram é Aontas Scríbhneoirí Tras na hÉireann ina gcuireann scríbhneoirí tras tacaíocht ar fáil dá chéile, ina roinneann siad eolas ar a chéile, ina gcosnaíonn siad a chéile i dtionscal nach mbíonn fabhrach don phobal tras go minic agus ina gcabhraíonn siad le chéile forbairt mar scríbhneoirí.

Cuireann AerachAiteachGaelach fáilte ollmhór roimh ealaíontóirí tras agus déanann muid chuile iarracht saothair le healaíontóirí tras agus saothair faoi shaolta tras a chur chun cinn. Má tá scéal agat dúinn nó más ealaíontóir tras tú atá ag iarraidh bheith páirteach sa chomharghrúpa, cuir scéal chugainn ag aerach.aiteach.gaelach@gmail.com

Previous
Previous

Ciara Ní É arna foilsiú in ‘Queering the Green’

Next
Next

Amhrán nua le Deoraí le teacht amach an 17 Feabhra 2022