Amhrán nua le Deoraí le teacht amach an 17 Feabhra 2022

Fear aosta ag screadaíl ar Dheoraí, fear sna tríochaidí.

Íomhá shocair ón bhfíseán is deireanaí de chuid Deoraí, ‘Tá do chulaith cliste’

Tá an tionscadal ceoil is físeán, Deoraí, ag eisiúint a 7ú píosa go dtí seo chun tús a chur le bliain ghnóthach don tionscadal. Is comhcheangal é ‘Tá do chulaith cliste’ de thraic 80ídí agus de léargas Jung-úil agus díríonn sé ar na cultacha a chaithimid agus an dorchadas a cheileann siad. Ag tarraingt inspioráide ó stíl Peter Gabriel agus ag úsáid fuaimeanna ón sintéiseoir clasaiceach, an ‘Fairlight CMI’ a d’úsáid Gabriel agus Kate bush féin, is meascadh uathúil sonach é an traic úr seo.

Tagann an píosa le físeán a stiúir Patrick McDermott ó Headc8se Films, duine a rinne obair mar chineamatagrafaí ar ‘Innocent Boy’ - a bhuaigh duaiseanna - agus go leor scannáin eile. Samhlaíonn an físeán cogadh imheánach atá ar siúl in intinn an duine, idir treorú an ‘norm’ agus an méid atá inghlactha ag an tsochaí agus cad atá ceart i ndáiríre. Mar is gnáth ó Dheoraí, tá scéal an phíosa inste ag aontas an cheoil agus an fhíseáin.

Ó saolaíodh an tionscadal,  tá aird tarraingthe ag an tionscadal ón bpreas náisiúnta agus idirnáisiúnta agus pléadh na hamhráin is na físeáin i leithéidí The Irish Times, Irish Central, Hot Press, The Dublin Inquirer agus neart eile. Ina theannta sin, seinneadh an ceol ar stáisiúin raidió ó Nua Eabhrac go dtí an Astráil, ag tabhairt na Gaeilge chuig na ceithre hairde.


Tá éagsúlacht mhór le sonrú ar na healaíontóirí eile a imríonn tionchar ar stíl Dheoraí: Kate Bush, Peter Gabriel, Todd Edwards, Sun Ra, Daft Punk agus go leor eile. Cruthaíodh an tionscadal le sprioc amháin: ealaín chomhaimseartha a chruthú agus a thairiscint trí mheán na Gaeilge. 


Is ball é Deoraí d’AerachAiteachGaelach.

An independent project combining contemporary modern music and the Irish language to create something new and exciting.
— IMRO
Previous
Previous

Aontas Scríbhneoirí Tras na hÉireann ag lorg tacaíochta

Next
Next

Vótáil Mindy, dráma nua le Kevin Johnston ag Scene+Heard