Vótáil Mindy, dráma nua le Kevin Johnston ag Scene+Heard
Tá ríméad ar Cheann Óir Productions léamh cleachtaithe den dráma nuascríofa dátheangach, Vótáil Mindy, a chéadléiriú mar chuid de Smock Alley Scene + Heard i mbliana.
Aoir dhátheangach is ea Vótáil Mindy, a leanann beirt dheirfiúracha le linn na laethanta deiridh d’fheachtas Uachtaránachta Mindy McPhearson III, iarrthóir áiféiseach a chruthaigh siad mar agóid ar chaighdeán lag na n-iarrthóirí eile i dToghchán Uachtaránachta na hÉireann. Ach cad is féidir leo a dhéanamh nuair a léiríonn an pobal tacaíocht do Mindy?
Is é Kevin Johnston (ball d’AerachAiteachGaelach) a scríobh an dráma, agus tá sé bunaithe ar ghearrscéal leis a foilsíodh san iris Comhar i mí na Nollag 2018. Tá an léamh cleachtaithe á stiúradh ag Marie Kelly, agus i measc na foirne atá ag aisteoireacht ann, tá Christina McMahon, Freya Blendell, Jacqueline Carroll, Geoff McEvoy agus Hilary Bowen-Walsh (ar ball í freisin d’AerachAiteachGaelach).
Is féile í Smock Alley Scene + Heard a thugann ardán don nuascríbhneoireacht amharclannaíochta in Éirinn, ionas gur féidir le scríbhneoirí aiseolas a fháil ón lucht féachana sna céimeanna luatha de phróiseas forbartha saothair atá idir lámha.
Chomh maith leis sin, tugann an fhéile tacaíocht léirithe agus ealaíne do na saothair atá ar a clár. Beidh an fhéile ar siúl ón 9 Feabhra go dtí an 26 Feabhra in Amharclann Smock Alley i mBaile Átha Cliath, agus tá 101 léiriú ar chlár na féile i mbliana.
Léireofar Vótáil Mindy ar an 13 Feabhra 2022 @14:00 agus is féidir ticéid a cheannacht ag an nasc seo: https://smockalley.ticketsolve.com/shows/873623612
Is féidir tacú leis an léiriú trí airgead a dheonú don fheachtas bailithe airgid atá ar bun ag an bhféile anseo: https://www.indiegogo.com/projects/scene-and-heard-2022#/
Is féidir Ceann Óir Productions a leanúint ar Instagram agus Twitter: @CeannOirProds