Alex Hijmans, Ciara Ní É, Micheál Ó Conghaile agus Traolach Ó Buachalla le labhairt ag ‘Gay as Gaeilge’ (NLI)
Tá sraith imeachtaí ar siúl le ceiliúradh a dhéanamh ar an taispeántas seo agus í arna heagrú ag an ngníomhaí pobail Tonie Walsh agus reáchtálfar painéal Gaeilge mar chuid di dar teideal ‘Gay as Gaeilge’, 19:00 an 29 Samhain 2021.
Labhróidh cainteoirí an phainéil faoin gcaoi a léiríodh agus a léirítear stair agus saolta an phobail LADTAI+ sna meáin chlóite agus chraolta in Éirinn agus pléifidh siad lipéid agus téarmaíocht an phobail aitigh agus na hathruithe atá ag teacht orthu sin i saol na Gaeilge.
Alex Hijmans
iriseoir agus údar, ball d’AerachAiteachGaelach
Ciara Ní É
scríbhneoir, file, craoltóir, ball d’AerachAiteachGaelach
Micheál Ó Conghaile
scríbhneoir
Traolach Ó Buachalla (Fear an Tí)
stiúrthóir agus léiritheoir cláracha faisnéise
Tá go leor eolais ar fáil anseo i nGaeilge faoi shaol Christopher Robson agus stair phobal aiteach na hÉireann.