Ciara Ní É ag tiomsú airgid dá gearrscannán nua aiteach

Tá an file agus drámadóir Ciara Ní É ag tiomsú airgid do ghearrscannán nua aiteach dar teideal ‘Claonadh’ a mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil ann.

Nóta ón ealaíontóir:

Dia dhaoibh!
Ciara Ní É is ainm dom agus is scríbhneoir as Baile Átha Cliath mé. Bhí Gaeil aiteacha in Éirinn i gcónaí riamh agus tá sé fíorthábhachtach dom iad chur i lár an aonaigh i mo chuid oibre.
Táim ag tiomsú airgid do ‘Claonadh’, gearrscannán a scríobh mé agus a bheidh á stiúradh agam. Baineann an scéal le Peigí, atá ag obair mar chailín aimsire sa teach mór sna 1920í.
Bhuaigh script an scannáin seo an Comórtas Físín anuraidh. De réir agus mé i mbun réamhléiriúcháin air, táim ag foghlaim faoi shaol costasach na scannánaíochta. Cabhróidh duais Físín go mór, ach faror ní leor é chun an scéal áirithe seo a insint. Tá an t-airgead seo ag teastáil do gach rud idir an láthair a fháil ar cíos, trealamh, criú, cultacha, eagarthóireacht, ceol, agus neart eile nach é.
Is mór agam bhur spéis sa togra seo agus bhur dtacaíocht i gcónaí. Fiú mura bhfuil an t-airgead agat faoi láthair, d'fhéadfá seo a roinnt le do chuid leantóirí agus ba mhór an cúnamh sin. Ní neart go cur le chéile!
MAR SPREAGADH:
€25 - Buíochas Pearsanta
Nóta buíochais pearsanta ón scríbhneoir agus stiúrthóir Ciara Ní É
€50 - Creidiúint
Cuirfear d’ainm leis na teidil chreidiúna ag deireadh an scannáin mar aon le buíochas pearsanta
€200 Script Shínithe
Seolfar chugat script sínithe ag an bhfoireann ar fad mar aon le buíochas pearsanta agus creidiúint

Foilsíodh alt faoi na pleananna don ghearrscannán ar shuíomh GCN.ie an 12 Nollaig. Léigh an t-alt.

Previous
Previous

*Fan*, gearrscannán LADTA+ nua le Cúnla Ní Bhraonáin Morris

Next
Next

Duaiseanna ag baill de chuid AAG ag Gradaim Liteartha an Oireachtais