*Fan*, gearrscannán LADTA+ nua le Cúnla Ní Bhraonáin Morris

Seoladh an gearrscannán LADTA+ nua, Fan, le Cúnla Ní Bhraonáin Morris i gClub Chonradh na Gaeilge 13 Aibreán 2024.

Ní leispiach í Bláthnaid. Leanann sí uirthi ag dul ar choinní amaideacha le fir amaideacha arís is arís, agus fágtar Ailbhe i gcónaí le aire a thabhairt di. Ní leispiach í Bláthnaid. Tagann seanleannán ar ais ina saol agus faigheann Bláthnaid freagra ar deireadh. Ach... ní leispiach í Bláthnaid.
— Fan (2024)

Stiúrthoir agus scríbhneoir: Cúnla Ní Bhraonáin Morris

Cliar: Saoirse Browne, Oisín Flynn, Saoirse Nic Aogáin

Is iad Cúnla Comhordaitheoir na Meán Sóisialta ar choiste AerachAiteachGaelach.

Next
Next

Ciara Ní É ag tiomsú airgid dá gearrscannán nua aiteach