Eoin Mc Evoy ar an stáitse ag Poetry Ireland: Introductions
Roghnaíodh Eoin Mc Evoy don scéim Introductions ag Éigse Éireann don bhliain 2021, scéim a chuireann ceardlanna forbartha ceirde ar fáil d’fhilí i dtús a ngairme agus a chuireann chun stáitse iad os comhair lucht féachana. Craoladh an físeán den imeacht i mí Eanáir 2022.
Éist le hEoin anseo ag reic trí cinn dá chuid dánta, mar atá ‘F*ckboy’ agus ‘Dán do Jack’ - a bhfuil téamaí aiteacha i gceist leo - agus ‘Dalta an Draoi’ (aistriúchán ar an dán Gearmáinise ‘Der Zauberlehrling’ le Johann Wolfgang von Goethe).
Glaofar ‘Céadlínte Éigse Éireann’ ar an snáth Gaeilge de ‘Introduction’ ó 2022 amach. Tá eolas faoin scéim ag https://www.poetryireland.ie/writers/ceadlinte-eigse-eireann/