Chuir na taighdeoirí Éadaoin Ní Mhuircheartaigh agus Róisín Ní Ghairbhí bunaitheoirí AerachAiteachGaelach, Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy, faoi agallamh i samhradh 2021 maidir le spriocanna an chomharghrúpa agus na rudaí atá bainte amach ag baill an chomharghrúpa ó cuireadh ar bun é ag tús 2020.
Tugtar léargas san agallamh ar mhianta an ghrúpa agus ar an tionchar atá imeartha ag baill an ghrúpa go dtí seo ar na healaíona Gaeilge agus ar phobal aiteach na Gaeilge.
Is féidir cóip den leabhar a cheannach ar €25 ó Chló Léann na Gaeilge: https://clo.ie/ga/leabhair/o-chleamairi-go-ceamarai