Ceardlann Úrscéalaíochta le hÁine Ní Ghlinn

Cá bhfuil úrscéal aiteach Gaeilge na mílaoise seo? An tusa a scríobhfaidh é? Bí linn ag an gceardlann seo agus cuir tús le d'úrscéal féin!

Bí linn don cheardlann seo le Laureate na nÓg Áine Ní Ghlinn agus í ag treorú an ghrúpa le smaointe a aimsiú agus a fhorbairt d'úrscéal do dhéagóirí a phléann le teacht in inmhe an duine aitigh.

Clár an lae

12:30-13:00 Ióga treoraithe

13:00-14:00 Picnic roinnte agus comhrá

14:00-15:30 Ceardlann úrscéalaíochta le hÁine Ní Ghlinn

Cad a bheidh ag teastáil uait?

  • peann agus páipéar le páirt a ghlacadh sa cheardlann úrscéalaíochta

  • éadaí compordacha má ghlacann tú páirt sa ióga

  • bia éigin don lón - cuirfidh AerachAiteachGaelach cúpla rud breise ar fáil agus roinnfidh muid an bia ar fad le chéile i bpicnic.

Gabhaimid buíochas le Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD agus le Seachtain na Gaeilge le energia as a gcuid tacaíochta.

Ionad: Seomra B210, Foirgneamh Newman, Campas Belfield, UCD.

Previous
Previous

Grindr, Saghdar ⁊ Cher ag IDGTF 2023

Next
Next

Eoin Mc Evoy agus AAG ar BBC 2 NI