Grindr, Saghdar ⁊ Cher ag IDGTF 2023

D’fhill an dráma, Grindr, Saghdar agus Cher, ar an stáitse mar chuid den International Dublin Gay Theatre Festival an 8-10 Bealtaine.

Chuaigh an léiriú i gClub na Múinteoirí go mór i gcion ar an lucht féachana ag an bhféile agus ghnóthaigh sé léirmheas ceithre réalt ón Reviews Hub ag IDGTF 2023.

Seó ilmheán é seo a scríobh Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy agus Sam Ó Fearraigh agus bhí Conall Ó Duibhir, Kevin Johnston, Seán Mac Dhonnagáin agus Stiofán Ó Briain ina bhfoireann chúnta don léiriú.

Tógann fear tuaithe a chéad chéim riamh thar an tairseach isteach i mbeár aerach. Freastalaíonn leispiach ar chóisir na gcearc le scata ban díreach (‘díreach’ mar dhea). Tugann fear bearradh gruaige dó féin nach bhfeicfidh ach fear amháin eile...

Bhí fotheidil Bhéarla ar fáil do na daoine sa lucht féachana nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu.

Beidh deiseanna eile an dráma a fheiceáil amach sa mbliain.

Previous
Previous

Trí ainmniúchán d’AAG ag Gradaim an International Dublin Gay Theatre Festival 2023

Next
Next

Ceardlann Úrscéalaíochta le hÁine Ní Ghlinn