Ceardlann Chruthaitheachta le AAG

Soilse daite ar chlocha duirlinge

Ár mbuíochas le hEmma Ní Chearúil as an gceardlann iontach seo a eagrú don chomharghrúpa agus dá chairde.

Cuirfear fáilte roimh chách ag an gceardlann seo - is cuma más scríbhneoir rialta thú, nó más spéis leat tabhairt faoi cheird nua chruthaitheach den chéad uair.

Ióga agus manaí: Gluaiseachtaí a mhúsclóidh an cholainn, nasc a chothú idir an cholainn agus an intinn, agus manaí dearfacha laethúla a spreagfaidh an cruthaitheoir ionat (le Jenny Ní Ruiséil)

Tascanna scríbhneoireachta agus cruthaitheachta: Cleachtaí ar féidir iad a úsáid le bacanna cruthaitheachta a shárú, le nósanna a chothú agus le tús a chur leis an smaointeoireacht chruthaitheach.

Seisiún aiseolais agus moltaí: Molann muid daoibh píosa ealaíne (dán, grianghraf, sliocht as scéal, aistriúchán, ceol nó aon rud eile a bhfuil sibh ag obair air) a thabhairt libh le plé leis an ngrúpa. Tabharfar aiseolas agus moltaí do chách. Mura bhfuil saothar idir lámha agat, beir leat moladh don ghrúpa - leabhar, scannán, nós nó comhairle a chuaigh i bhfeidhm ort agus a d'fhéadfadh a bheith taitneamhach nó cabhrach do chruthaitheoirí eile.

Cuirfear tae, caife agus lón véigeánach ar fáil ar an lá.

Fáilte speisialta roimh mhná agus baill den phobal LADT+.

Previous
Previous

AerachAiteachGaelach ag Lá Mór na Gaeilge

Next
Next

AerachAiteachGaelach @ Cúirt