AerachAiteachGaelach @ Cúirt
Rinne na filí Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy agus Sam Ó Fearraigh ionadaíocht ar AerachAiteachGaelach ar stáitse na Taibhdheirce ag an bhféile litríochta Cúirt agus iad i mbun painéal plé ar an saol aiteach trí Ghaeilge agus ról na n-ealaíon sa saol sin.
Chuir Ciara tús bríomhar leis an bplé le cur síos ar bhunú an chomharghrúpa sa mbliain 2020 agus na spriocanna atá roimhe anois dhá bhliain níos deireanaí.
Chuimsigh an plé modh oibre an ghrúpa, an grá agus an chollaíocht aiteach, an Ghaeltacht agus an chathair, stair aiteach na tíre, cothú na n-ealaíon i measc an phobail aitigh agus go leor eile.
Reic an triúr filí dánta dá gcuid freisin agus téamaí grá, craicinn, oidhreachta agus féiniúlachta á gcíoradh acu iontu.
Tá AerachAiteachGaelach an-bhuíoch d’fhoireann na Taibhdheirce as an bhfáilte a chuir siad romhainn agus den fhéile Cúirt as muid a chur ar chlár na bliana seo!