Oíche Mhór Aiteach i gClub Chonradh na Gaeilge

Nach fada an lá ó chaith muid lá ildaite LADTAIÉ+ le chéile faoi aon díon! Bí linn do lá imeachtaí aiteacha le Gaeilge i gClub an Chonartha do Sheachtain na Gaeilge agus deis bhreá bualadh le daoine aiteacha eile. Fáilte roimh chách ag an imeacht.


Buailfidh AerachAiteachGaelach agus an Queercal Comhrá le chéile sa gClub ag 20:00 an 5 Márta don bhiongó craiceáilte ceoil seo atá á eagrú ag an Queercal Comhrá.

BIONGÓ CEOIL LEIS AN QUEERCAL COMHRÁ

Smaoinigh ar an ngnáth-bhiongó ach ansin cuir amhráin isteach in ionad na n-uimhreacha. Beidh seanchlasaicí aiteacha, amhráin pop agus amhráin Ghaeilge le cloisteáil agus má bhíonn teidil na n-amhrán ar do bhileog agat, cuirfidh tú stróic tríothu nó go mbeidh an "líne lán" nó an "teach lán" agat.

Is é Kevin Johnston fear an tí don oíche.

Beidh trí dhuais le bronnadh ag an ócáid ar luach €50, €25 agus €15 faoi seach agus roghnóidh na buaiteoirí a nduaiseanna féin ó na táirgí áille suimiúla ar eolaire Údarás na Gaeltachta.

Rinne Kevin sárjab den bhiongó ag Bród 2019 agus tá muid ar bís le bheith ag cruinniú le chéile arís faoi aon díon san fhíorshaol anois i 2022. An Queercal abú!

Previous
Previous

AerachAiteachGaelach @ Cúirt

Next
Next

Comórtas Ealaíne AAG