Comórtas Ealaíne AAG

Tá sé de sprioc ag AerachAiteachGaelach daoine a chur ag cumadh agus ag cruthú trí mheán na Gaeilge. Bímid ag díriú ar ealaíontóirí de chuile chineál ach is mian linn díriú go hiomlán ar na healaíona físiúla leis an gcomórtas nua ealaíne seo.

Is gá bheith i do bhall de chuid an chomharghrúpa le cur isteach ar an gcomórtas ach níl aon srian leis an téama a roghnóidh aon iarratasóir. Bronnfar €75 ar bhuaiteoir an chomórtais agus foilseofar cuid de na saothair ar an suíomh seo.

Rialacha an chomórtais

  1. Is comórtas é seo do bhaill de chuid AerachAiteachGaelach amháin.

  2. Áirítear ar na healaíona físiúla: an chriadóireacht, an dealbhóireacht, an fhísealaín, an ghrianghrafadóireacht, an líníocht, an phéintéireacht agus an phriontaíocht.

  3. Níl aon srian maidir le téama an phíosa ealaíne.

  4. Is gá go mbeadh teideal an phíosa ealaíne i nGaeilge.

  5. Cuirtear iarratais chuig aerach.aiteach.gaelach@gmail.com faoin 1/3/2022. Síneadh ama: 8/3/2022.

  6. Tá duais amháin sa chomórtas, mar atá dearbhán one4all €75. Roghnóidh moltóir atá neamhspleách ar AAG an buaiteoir.

  7. Beidh cead ag AerachAiteachGaelach aon saothar a chuirtear isteach ar an gcomórtas a léiriú ar shuíomh an chomharghrúpa ach fanfaidh an cóipcheart leis an ealaíontóir.

Previous
Previous

Oíche Mhór Aiteach i gClub Chonradh na Gaeilge

Next
Next

Ráchairt agus rath ar an dráma aiteach úrnua #IdirMise