Ráchairt agus rath ar an dráma aiteach úrnua #IdirMise

Ba mhór an rath a bhí ar Idir Mise agus Craiceann do Chluaise a léirigh AerachAiteachGaelach i gClub Chonradh na Gaeilge mar chuid den Dublin Fringe Festival 24-26 Meán Fómhair 2021 le tacaíocht ó Oireachtas na Gaeilge agus ón bpobal.

Tháinig os cionn 200 duine chuig an léiriú i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Scríobhadh dhá léirmheas ar an léiriú, ceann i nGaeilge agus ceann i mBéarla, agus tá siad le léamh thíos.

Go raibh a thuilleadh seónna iontacha Gaeilge mar seo againn… B’iontach an rud léiriú Gaeilge cumhachtach mothúchánach mar Idir Mise agus Craiceann do Chluaise, a fheiceáil i mBaile Átha Cliath.
— Sliocht as an léirmheas le hEoin P. Ó Murchú, Tuairisc.ie
[...] Though not an unfamiliar tale to many older gay people in Ireland, it is a timely reminder that young people often emigrated in the past for reasons other than economic hardship, many never really wanting to go but being left with little choice. The Irish text is well delivered and understandable even to those with limited Irish and, for those that wanted it, a printed English translation was available to assist with understanding the storyline. Overall, a warm and personal theatrical experience with very impressive sets which immerse the listener inside the world.
— Sliocht as an léirmheas le NoMoreWorkHorse

Foireann an léirithe

Scéal agus léiriú

  • Scéalaí: Alan Walpole

  • Comhléiritheoirí | Comhstiúrthóirí | Comhscríbhneoirí: Eoin Mc Evoy, Ciara Ní É

Ealaín

  • Ealaíontóir: Tadhg Ó Ciardha

  • Dearadh an Chláir: Alana McDonough 

Ceol

  • Amhránaí : Aoife Ní Mhórdha

  • Ceol: Aries Beats, Johnny Ripper

Láithreán

  • Dearadh Láithreáin: Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy, Tadhg Ó Ciardha

  • Tógáil an Láithreáin: Brian Mac Muiris, Ciara Ní É, Conall Ó Duibhir, Dylan Bryans, Eoin Mc Evoy, Jack Moriarty, Kevin Johnston, Seán Mac Dhonnagáin, Stiofán Ó Briain

Fuaimrian

  • Glór an Scéalaí: Alan Walpole

  • Glór an Láithreora Teilifíse: Joe Simpson

  • Innealtóir Fuaime: Steve McGrath

  • Eagarthóir Fuaime: Eoin Mc Evoy

  • Máistriú Fuaime: Frank Sweeney

Oibrithe ar an láthair:

  • Bainisteoir Tí: Kevin Johnston

  • Foireann cúnta AAG: Conall Ó Duibhir, Lauren Ní Chasaide, Seán Mac Dhonnagáin, Stiofán Ó Briain

Grianghrafadóireacht

  • Grianghrafadóir: Conall Ó Duibhir

  • Grianghrafadóir VR: Philip Hardie

Previous
Previous

Comórtas Ealaíne AAG

Next
Next

Dublin Fringe Festival 2021: Idir Mise agus Craiceann do Chluaise