Dublin Fringe Festival 2021: Idir Mise agus Craiceann do Chluaise

24-26 Meán Fómhair | Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath

24-26 Meán Fómhair | Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath

Tá ríméad orainn a fhógairt gur glacadh lenár ndráma nua fuaime Idir Mise agus Craiceann do Chluaise don Dublin Fringe Festival 2021. Léiriú ar an láthair is ea é seo agus tá muid ar bís go mbeidh an deis ag daoine bheith tumtha go hiomlán san eispéaras san fhíorshaol.

Tar linn ar aistear gáire, damhsa is foghlama trí shaol an chainteora aitigh Gaeilge. Sa turas fuaime seo, treoróidh guth Alan tú ó chúinge sheomra suí Éire na 1980idí amach faoi shoilse bogha báistí urlár damhsa an chlub aitigh i Sasana agus ar ais go hÉirinn iar-2015. An bhfuil tú réidh don aistear?

Ticéid: €15 nó €13 ar lacáiste.

Scéal: Alan Walpole. | Comhléiritheoirí agus comhscríbhneoirí: Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy. | Ealaín: Tadhg Ó Ciardha. | Ceol: Aoife Ní Mhórdha, Aries Beats agus Jahzzar. | Bainisteoir Tí: Kevin Johnston. | Grianghrafadóir: Conall Ó Duibhir. | Foireann taca: Conall Ó Duibhir, Jack Moriarty, Lauren Ní Chasaide, Seán Mac Dhonnagáin agus Stiofán Ó Briain.

Previous
Previous

Ráchairt agus rath ar an dráma aiteach úrnua #IdirMise

Next
Next

Feachtas tiomsaithe airgid do léiriú úrnua san fhómhar