Deontas Colmcille bronnta ar AAG
Bronnadh maoiniú ar AerachAiteachGaelach trí Scéim Deontas Cholmcille le tabhairt faoi thionscadal litríochta comhpháirtíochta le healaíontóirí LADTAIÉ+ in Albain.
Cuireann Foras na Gaeilge na deontais ar fáil le cuidiú le hiarratasóirí caidreamh a chothú idir pobail teanga Ghaeilge na hAlban agus Ghaeilge na hÉireann agus an dá theanga seo a neartú tríd an chaidreamh.
Cuirfidh an deontas sin ar chumas AAG teagmháil a dhéanamh le scríbhneoirí agus ealaíontóirí thall is abhus agus saothair aiteacha i nGaeilge agus i nGàidhlig a thiomsú le haghaidh Irisín 2025.
Más mian leat páirt a ghlacadh sa malartán suimiúil seo nó má tá aithne agat ar dhuine ar cheart dúinn teagmháil a dhéanamh leo i dtaobh an tionscadail, scríobh chugainn, le do thoil, ag aerach.aiteach.gaelach@gmail.com
Ba iad Conall Ó Duibhir agus Stiofán Ó Briain ó AAG a réitigh an t-iarratas.