Péint agus Plé le AAG
Reáchtáil AerachAiteachGaelach seisiúin Péint agus Plé ar an 3 Márta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le tacaíocht ón gCiste Spreagtha agus díoladh an t-imeacht amach. Ba é an t-ealaíontóir Conall Ó Duibhir an t-éascaitheoir ar an seisiún spreagúil, spraíúil seo.
Sonraí an imeachta
Tá an seisiún seo oiriúnach do gach duine, beag beann ar a gcumas nó a dtaithí ar an bpéinteáil nó ar réimse ealaíne ar bith.
Tugfar treoir ghinearálta faoi úsáid dathanna i stíl an eispriseanachais ar mhaithe leis an gcruthaitheacht a ghríosú, agus beidh an deis ag rannpháirtithe a rogha saothair a phéinteáil. Beidh an t-éascaitheoir ar fáil i rith an ama le comhairle a chur ar na rannpháirtithe agus tacaíocht a thabhairt dóibh.
Cuirfear gach ábhar ar fáil (canbháis, péint aicrileach, srl.), mar sin níl aon ghá le rud ar bith a thógáil leat. Ach moltar seanéadaí a caitheamh toisc nach féidir péint aicrileach a bhaint d’éadaí. Triomóidh na saothair go tapa agus beidh siad réidh le tógáil abhaile faoi dheireadh an imeachta.
Tá AerachAiteachGaelach faoi chomaoin ag an gCiste Spreagtha agus Seachtain na Gaeilge as tacú leis an imeacht seo.